What the Focal!? podcast artwork
Education

What the Focal!?

by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie
Claiming needs an RSS feed. Contact us.

Not on the Germany charts we track today.

If you like What the Focal!?, try…

Latest episodes

  • What the Focal!? - S2 - Eoin Mc Evoy

    December 15, 2025 · 1 hr 10 min

    Eoin Mc Evoy Cad é 'treallús' agus an bhfuil sé ionat? An bhfuil an 'f déliopach' cloiste agat? 'Cuir' nó 'cur', is cén uair? Is file, drámadóir, aistritheoir agus gníomhaí pobail é Eoin Mc Evoy. Oibríonn sé le UCD agus is é…

  • What the Focal!? - S2 - Séaghan Ó Súilleabháin

    December 8, 2025 · 1 hr 10 min

    Séaghan Ó Súilleabháin Cad is brí le "an duine amach"? Cá bhfuil colbha an domhain? An duine 'scodalach' tú? Tháinig Séaghan Ó Súilleabháin, nó The Kerry Cowboy mar a bheadh aithne ag cuid againn air, ó fheirm i gcroílár na Ríochta…

  • What the Focal!? - S2 - Dr. Alan Titley

    December 1, 2025 · 1 hr 21 min

    Dr. Alan Titley Cad is brí le "an duine amach"? Cá bhfuil colbha an domhain? An duine 'scodalach' tú? Corcaíoch fir gradamúil é Alan Titley mar aon le scoláire, colúnaí, úrscéalaí, gearrscéalaí, fabhalscéalaí, file, staraí liteartha…

  • What the Focal!? - S2 - Máirín Nic Con Iomaire

    November 24, 2025 · 1 hr 18 min

    Máirín Nic Con Iomaire Cad is brí le 'aiteall'? 'Chun an fhírinne a rá' nó 'chun na fírinne a rá'? Cad atá fireann faoi bhord!? Is aistritheoir, teagascóir, iriseoir, craoltóir agus aisteoir í Máirín. Tá sí ag obair mar Stiúrthóir na…

  • What the Focal!? - S2 - Dr. Gearóidín Uí Laighléis

    November 17, 2025 · 1 hr 8 min

    Dr. Caitlín Nic Íomhair An bhfuil tusa siosmaideach? Conas is fearr 'approachable' a aistriú? Ar chóir duitse 'Lorg an Bhéarla' a léamh? Is Ceann Scoile & Ollamh Comhlach le Gaeilge í i bhFiontar agus Scoil na Gaeilge í Dr. Gearóidín…

Show 7 more episodesShow fewer episodes
  • What the Focal!? - S2 - Dr. Caitlín Nic Íomhair

    November 10, 2025 · 1 hr 4 min

    Dr. Caitlín Nic Íomhair Cad é 'an t-alt' dúbailte agus conas is féidir linn é a sheachaint?! An bhféadfaí 'chac tú ar na huibheacha' a aistriú go lom? An bhfuil sé níos deacra a bheith greannmhar i nGaeilge? Is file agus léachtóir le…

  • What the Focal!? - S2 - Dr. Fionntán de Brún

    November 3, 2025 · 1 hr 5 min

    Dr. Fionntán de Brún Cad as a dtáinig 'giob geab'? Cén fáth a mbíonn muintir Bhéal Feirste ag béicíl ar a chéile? Cathain a labhraíodh Gaeilge ar eitleán den chéad uair? An tOllamh le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad is ea Fionntán…

  • What the Focal!? - S2 - Tadhg Mac Dhonnagáin

    October 27, 2025 · 1 hr 17 min

    Tadhg Mac Dhonnagáin Cén gléas cistine a ainmníodh i ndiaidh ceo? An fearr 'randamach' nó 'fánach'? An cóir dúinn an ruaig a chur ar an bhfocal 'dia'? Is scríbhneoir do dhaoine óga, scríbhneoir scripte, cumadóir amhrán agus…

  • What the Focal!? - S2 - Dr. Deirdre Nic Chárthaigh

    October 20, 2025 · 1 hr 4 min

    Dr. Deirdre Nic Chárthaigh An bhfuil ár n-ainmneacha á rá i gceart againn? Cén fáth go bhfuil sé tábhachtach botúin a dhéanamh? An bhfuil aon mhaitheas le córas na ndíochlaontaí? Ollamh cúnta i gColáiste na Tríonóide í Deirdre Nic…

  • What the Focal!? - S2 - Dr. Eoin Mac Cárthaigh

    October 13, 2025 · 1 hr 21 min

    Dr. Eoin Mac Cárthaigh Cén gaol atá idir an Ghaeilge agus an Ghearmáinis? Cad atá i ndán dár gcanúintí? An féidir rud a thabhairt 'faoi dheara'? Léachtóir le Nua-Ghaeilge agus ceann na roinne is ea Eoin Mac Cárthaigh, Roinn na Gaeilge…

  • What the Focal!? - Diarmuid Ó Sé

    January 25, 2023 · 1 hr 13 min

    San eagrán seo labhraíonn Ciara le Diarmuid Ó Sé, léachtóir le Nua-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. 'Fíon na Spáinne' nó 'Fíon Spáinneach'? Cén difear atá idir 'méid na ndaoine' agus 'an méid daoine'? Na comharthaí…

  • What the Focal!? - Áine Ní Ghlinn

    January 18, 2023 · 1 hr 1 min

    Scríbhneoir do dhaoine óga agus file í Áine Ní Ghlinn, agus Laureate na nÓg 2020 – 2023. Tá 36 leabhar foilsithe aici, idir fhilíocht, dhrámaí, úrscéalta agus scéalta do dhaoine óga. Cad is brí le 'ceo inchinne'? Ar chuala tú 'Gaelachas'…

Full episode archive on Apple Podcasts →

About the show

Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? – podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann! Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn! Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo.